Bíodh radharc im shúile anocht
Bíodh mo lámh mothálach
Luíodh mo línte gar don fhírinne.
Aghaidheanna síonsciúrtha na ndaltaí
ag bláthú i ngile an tseomra uachtaraigh
Cliotar cainte, giascán tacas
a mhúchann nuair a shiúlann macaomh ag an altóir.
Maireadh an anáil choisricthe seo
trí uair a chloig anocht
is cuirfead imlíne
de réir macmhainne
ar an daonnacht.
Bíogann mo pheann luaidhe,
ina shlaitín colladóra,
le bior chun sceanairte.
Déanfar seacht gcoda den íobartach
de réir tomhais a chinn,
dhá leath le taobh scríob a chaithire
Fágfar a phíob ar an bpáipéar
nuair cuirfear deilbh
ar an neamhní taobh leis.
Dhruid an macaomh a shúile
ag cruinniú chuige.
Lean a fhabhraí dubha orthu ag ísliú,
Lean a mhogaill bhána orthu ag fáisceadh,
ag dalladh na n-imreasc
Lean a shúile orthu ag cúlú, ag dúnadh
gur déanadh díobh do shúile-se
ag iamh orm athuair.
Dardaíos mo pheannluaidh
le faid a fháil ar a cheann,
le go lingfinn thar do chuimhne
mar léimeas thar déag
le dianchúram do mharbhna.
Leathnaigh an solas a bhí faoi bhranra a bhráid
gur déanadh aon bhladhm amháin den tseomra.
Is ní bhfuaireas faid ar rud ar bith
ach ar mo dhíobháil dúchais féin.
Go tuathalach chaitheas mo threalbh sa mhála
daimsíos an doras de mheabhair na méar,
na deora a bhí agat orm ag cruinniú
gur íocas le báisteach na h-oíche iad
go neamhbhalbh
neamhealaíonta.
English translation