Oíche Mhaith, a Bhastairdto my father
Ar an mBuailtín,
os cionn shiopa Sheáinín na mBánach
a bhíodh na hoícheanta
agus thagadh scata do mhuintir na háite
is dos na laethanta breátha
thar n-ais chugainn i ndiaidh am dúnta
i dtigh Dhónaill Uí Chatháin.
Is bhímísne, páistí, inár leapacha ar fionraí,
suan na súl oscailte orainn sa tseomra codlata
ag feitheamh le monabhar bog an chomhluadair
ag déanamh orainn an staighre aníos.
Thosnaítí ansan le tamall comhrá
scéalta á n-aithris is corr-sá grinn,
tú fhéin id fhear tí támáilte
ach an Beamish ag tabhairt do ghlóir chugat
go n-iarrfá ar dhuine éigin amhrán do rá.
An curfá dá chasadh ages gach éinne,
an siosa agus an barr dá bhaint do bhuidéal.
ls nuair a bhíodh an oíche thart
chloisimís na daoine is iad ag imeacht
thíos ar an tsráid i moch na maidine
an ceiliúradh ag duine acu, "Oíche mhaith, a bhastaird,"
in ard a chinn ar shraid an Bhuailtín.
Is é mo lom
ná rabhas fásta suas in am,
sara bhfuairis bás,
le go mbeinn i láthair
ag oíche a reáchtáilis
os cionn shiopa Sheáinín
ar an mBuailtín.
Is nuair a bheadh an oíche thart
agus an comhluadar ag imeacht
thabharfainn féin faoi mo lóistínse mar aon leo
i mBaile Eaglaise nó sna Gorta Dubha
ach sara n-imeoinn chasfainn chugat
le go ndéarfainn "Oíche mhaith, a bhastaird"
go ceanúil meisciúil leat.
©
Colm Breathnach 1999